Eolas Fúinn |
Ba mhaith linn muid féin a chuir in aithne duit, is muidne na Buitléirigh, agus is é Cuinneog an gnó a bhunaíomar ar fheirm ár dteaghlaigh in Iarthar na hÉireann sa bhliain 1990.
Bhunaigh mé féin agus Sheila an gnó mar bhíomar ag iarraidh im a dhéanamh ar an tseanstíl chun traidisiún ársa na hÉireann i ndéanamh ime a choinneáil beo.
Tá daoine ag déanamh ime in Éirinn ón tam ar thug na Ceiltigh an cheird leo chun na tíre seo idir 150 agus 200 BC. Ghlacamar leis an dúshlán a bhí romhainn agus chuireamar Im Éireannach na Tuaithe ar fáil – Cuinneog’s Irish Farmhouse Country Butter.
Níorbh fhada gur fhás an gnó agus cuireadh an dara táirge ar fáil, Bláthach Nádúrtha Chuinneog – Cuinneog Natural Buttermilk – táirge a bhfuil an-tóir air, agus a thaitníonn le Bertie Aherne fiú, Taoiseach na haimsire sin. Bíonn sé de chuspóir againn i gcónaí fanacht dílis don cheardaíocht thraidisiúnta ach ag an am céanna dul i muinín na heolaíochta chun an blas éagsúil a bhíonn ar tháirgí déiríochta Chuinneog a chinntiú. Cur chuige an Cheardaí Eolaíoch a ghlaoimid ar an gcur chuige táirgthe déiríochta seo.
Is cúis áthais dúinn é go bhfuil naonúr ag obair linn sa ghnó, agus tá’n cionn céanna ag gach uile dhuine acu ar na táirgí agus atá againn féin.
Ba bhreá linn cur lenár dtáirgí déiríochta amach anseo; mar sin, coinnigh ort ag úsáid Cuinneog chun tuilleadh blas a thabhairt dod’ bhia... agus coinneoimid orainn ag cur níos mó ar fáil duit le blaiseadh.
Is mise le meas,

Tom Butler
Thar ceann na mBuitléirigh |
|